Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 25:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A Thiarna, is tú mo Dhia;móraim thú agus ceiliúraim d'ainm;mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích,comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh,chuir go fíréanta agus go fírinneach.

2. Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chlochagus bailte poirt ina gconamar.Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach,ní dhéanfar a atógáil arís go deo.

3. Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit;uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

4. Mar is tearmann thú don dearóil,tearmann don dealbh in am a ghátair;dídean ón stoirm agus scáth ón teas,mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.

5. Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,ceansóidh tú gleo lucht an díomais;mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,cuirfear ceol na mborb ina thost.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 25