Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 19:19-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.

20. Beidh siad ina gcomhartha agus ina bhfianaise do Thiarna na Slua i dtír na hÉigipte. Nuair a ghlaofaidh siad ar an Tiarna in am an leatroim, cuirfidh sé slánaitheoir chucu á gcosaint agus á bhfuascailt.

21. Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.

22. Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

23. Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.

24. Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: 25 “Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m'oidhreacht.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 19