Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 19:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Amadáin iad prionsaí Zoan;tá prionsaí Nof á mealladh féin.Tá an Éigipt ar seachrán acu,ag ceannairí seo a cuid cúigí.

14. Chuir an Tiarna isteach iontumeadhrán agus mearbhall intinne.Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí,mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.

15. Ní bheidh dada san Éigipt gur féidir leo a dhéanamh,le ceann ná le heireaball, le pailm ná le giolcach.

16. Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.

17. Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.

18. Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.

19. Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.

20. Beidh siad ina gcomhartha agus ina bhfianaise do Thiarna na Slua i dtír na hÉigipte. Nuair a ghlaofaidh siad ar an Tiarna in am an leatroim, cuirfidh sé slánaitheoir chucu á gcosaint agus á bhfuascailt.

21. Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.

22. Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

23. Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.

24. Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: 25 “Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m'oidhreacht.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 19