Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 17:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib;beidh a shaill go trua tairteolach.

5. Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige,agus go mbaineann a lámh na diasa;amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.

6. Níl fágtha ach an cnuasach;amhail nuair a bhuailtear crann olóige,a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr,a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn.Briathar an Tiarna, Dia Iosrael.

7. Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael.

8. Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.

9. Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthemar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,]a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht.Díthreabh a bheidh iontu,

10. mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe,agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt.Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis,cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;

11. an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat,agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht;ach beidh an fómhar millte lá an léin,agus an phian gan leigheas.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 17