Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 15:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fáistine i dtaobh Mhóáb.An oíche a ndearnadh creach ar Ár,fágadh Móáb ina thost;an oíche ar creachadh Cír,fágadh Móáb ina thost.

2. Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,suas ar na hardáin chun caoineadh;ar Neabó agus i Maedabátá Móáb ag olagón.Tá gach cloigeann bearrtha,gach féasóg lomtha;

3. sna sráideanna tá éadach róin orthu,agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.Sna cearnóga tá gach aon ag olagónagus an gol ag briseadh orthu.

4. Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,agus a anam ag creathnú.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 15