Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 14:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.

2. Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.

3. An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:

4. Féach mar tá deireadh leis an aintiarna!Féach mar tá deireadh lena dhíomas!

5. Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna,agus slat ríoga na bhflatha,

6. an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmharle buillí agus le béimeanna,a smachtaíodh na náisiúin le fraoch,á gciapadh gan sos.

7. Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas;gáireann sé amach a racht áthais.

8. Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás,tá agus ar chéadrais na Liobáine:“Óir thit tusa ar lár,” arsa siad,“ní thagann aon duine aníos dár leagan.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 14