Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 6:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,ar eagla go n‑iompóinn uait,agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.

9. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Deasc fuíoll Iosrael,deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,cuir do lámh arís sna craobhacha.”

10. Cé leis a labhróidh mise,cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,ní fhéadann siad éisteacht.Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,níl dúil acu ann.

11. Tá mé lán d'fhearg an Tiarnatáim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht.Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.

12. Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,a bhfearann agus a mná in éineacht.Sínfidh mise amach mo lámhar dhúchasaigh na tíre seo- an Tiarna a labhraíonn.

13. Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,ón té is lú go dtí an té is mó;an sagart agus an fáidh araon,déanann siad uile bearta bréagacha.

14. Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,ach níl aon síocháin ann.

15. Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu- a deir an Tiarna.”

16. Is mar seo a deir an Tiarna:“Seasaigí i mbealaí an tseansaoilcuirigí tuairisc na seanchasáncé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansinagus gheobhaidh sibh suaimhneas.Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 6