1. Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.
2. San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach.
3. [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t‑ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine.
4. Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá.
5. Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.
6. Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.
7. Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin.
8. Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.
9. Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
10. D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.
11. Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia: