Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 32:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Mar sin cheannaigh mé an garraí ó mo chol ceathrar Hanamael as Anatót agus d'íoc leis an luach, seacht seicil déag airgid.

10. Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t‑airgead sa mheá.

11. Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte,

12. agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am.

13. Ina láthair siúd thug mé na treoracha seo a leanas do Bharúch:

14. ‘Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.”

15. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’

16. “Tar éis dom an scríbhinn cheannaithe a thabhairt do Bharúch mac Néiria ghuigh mé an Tiarna mar seo:

17. ‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.

18. Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!

19. Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!

20. Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu.

21. Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 32