Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 32:19-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!

20. Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu.

21. Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór.

22. Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.

23. Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.

24. Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.

25. Ach dúirt tú féin liomsa, a Thiarna Dia: Ceannaigh an garraí ar airgead i láthair finnéithe; agus anois féin tá an chathair á tabhairt i láimh na gCaildéach.’

26. Ansin tháinig briathar an Tiarna [chugamsa]:

27. ‘Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?’

28. “Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í.

29. Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.

30. Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m'fhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha - is é an Tiarna a labhraíonn).

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 32