Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 23:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.

5. Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn -agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.

6. Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

7. “Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’

8. ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”

9. I dtaobh na bhfáithe:Tá mo chroí istigh ionam briste,creathnaíonn mo chnámha uile;is cosúil le fear meisce mé;is cosúil le fear a chloígh fíon mémar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;tá an tír lán d'adhaltranaigh.

10. (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.)“Chun olc a dhéanamh tá siad mearagus is é an mícheart a neart.

11. Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid- an Tiarna a labhraíonn.

12. Ar an ábhar seo is sleamhain an tslíatá ag síneadh rompu;sa dorchacht mar a ndíbreofar iadis ann a thitfidh siad.Óir tabharfaidh mise olc orthui mbliain a bhféachana- an Tiarna a labhraíonn.

13. I bhfáithe na Samáirechonaic mé nithe a chuir samhnas orm:thairngreadar trí Bhálagus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 23