Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 14:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. “Abair an briathar seo leo:‘Sileann deora ó mo shúilede lá agus d'oíche, gan scor,óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire,buille rónimheanta.

18. Má théim amach faoin tuath,féach na mairbh sínte leis an gclaíomh!Má théim isteach sa chathair,feicim an dream atá tinn le hocras;fiú na fáithe agus na sagairt,treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”

19. Ar thréig tú Iúdá amach agus amach?An fuath le d'anam Síón?Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn?Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin!Le ham tarrthála - ach féach scanradh!

20. A Thiarna, admhaímid ár n‑olcagus éigeart ár n‑aithreacha;go dearfa pheacaíomar i d'aghaidhse.

21. Ar son d'ainmse ná diúltaigh sinn,ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire.Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn.

22. An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn?An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt?Ach is tusa féin é, a Thiarna.Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas,is tú a dhéanann gach ní acu seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 14