Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 13:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’

12. “Abair leis an bpobal seo: ‘Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.’ Agus má fhreagraíonn siad thú: ‘Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?’

13. séard a déarfaidh tusa leo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.

14. Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”

15. Éistigí, tugaigí cluas, ná bígí uaibhreachtá an Tiarna ag labhairt.

16. Tugaigí glóir don Tiarna ár nDiasula mbéarfaidh sé dorchadas anuas,sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha.Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é,déanfar de dorchacht tiubh.

17. Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo,caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar,líonfaidh mo shúile le deora,mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.

18. Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair:“Suígí in áit níos ísle,mar gur thit anuas díbhcoróin bhur nglóire.”

19. Tá bailte an Neigib druidte suas,gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine.Rugadh Iúdá uile ar shiúl,tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 13