Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 13:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna é seo liom: “Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.”

2. Cheannaigh mé crios ansin mar a d'ordaigh an Tiarna dom agus chuir faoi mo chom é.

3. Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair:

4. “Tóg an crios a cheannaigh tú agus atá faoi do chom; éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus folaigh ansin é i bpoll sa charraig.”

5. D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.

6. Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: “Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d'ordaigh mé duit a fholach ann.”

7. D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.

8. Ansin tháinig briathar an Tiarna chugam:

9. “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Sa chaoi chéanna millfidh mé uabhar Iúdá agus Iarúsailéim.

10. An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.

11. Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’

12. “Abair leis an bpobal seo: ‘Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.’ Agus má fhreagraíonn siad thú: ‘Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?’

13. séard a déarfaidh tusa leo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.

14. Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”

15. Éistigí, tugaigí cluas, ná bígí uaibhreachtá an Tiarna ag labhairt.

16. Tugaigí glóir don Tiarna ár nDiasula mbéarfaidh sé dorchadas anuas,sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha.Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é,déanfar de dorchacht tiubh.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 13