Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 21:32-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.

33. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.

34. Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh,

35. Rimeon lena thalamh féaraigh, Nahalál lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

36. De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh,

37. Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

38. De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,

39. Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad.

40. Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d'fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.

41. Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.

42. Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.

43. Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.

44. Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.

45. Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 21