Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 2:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m'athar agus tugaigí geall cinnte dom,

13. go ndéanfaidh sibh anacal ar m'athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.”

14. Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”

15. Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina conaí laistigh den bhalla.

16. Dúirt sí leo: “Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.”

17. D'fhreagair na fir: “An mionn a chuir tú d'iallach orainn a mhionnú duit, ní luífidh sé orainn ach ar na coinníollacha seo:

18. Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.

19. Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.

20. Ach má sceitheann tú ar an ngnó seo againne, ansin beimid saor ón mionn a chuir tú d'iallach orainn a thabhairt duit.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 2