Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 19:34-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Ghabh an teorainn thiar go hAznót Tábór agus as sin go Hucoc, cneas le Zabúlun laisteas agus le hÁiséar laistiar, agus le Iúdá lastoir ag an Iordáin.

35. Seo iad na cathracha daingne: Zidím, Zéar, Hamat, Racat, Cineirit,

36. Adámá, Rámá, Házor,

37. Ceidis, Eidreí, Éan Házór,

38. Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis - naoi gcathair déag lena sráidbhailte.

39. Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte.

40. Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní.

41. Bhain lena bhfearann oidhreachta: Zorá, Eisteáól, Ír Seimis,

42. Sealaibín, Aiálón, Itleá,

43. Eileon, Timneá, Eacrón,

44. Eilticé, Gibiteon, Bálát,

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 19