Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 17:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair.

2. Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní - do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní.

3. Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.

4. Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. “D'ordaigh an Tiarna do Mhaois,” ar siad, “oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.” Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n‑athar de réir mar a d'ordaigh an Tiarna.

5. Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,

6. mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.

7. Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.

8. Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise.

9. Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 17