Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióna 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc.

2. Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, mar a leanas:

Salm Buíochais

3. “Nuair a bhí mé i gcruachás,scread mé ar an Tiarna,agus thug sé cluas do mo ghuí;ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ortagus d'éist tú le mo ghuth.

4. Theilg tú mé síos san aibhéis,i ndoimhneacht na farraige,mar ar thimpeallaigh an díle mé,agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uileag madhmadh tharam.

5. Dúirt mé liom féin, mar sin:‘Tá mé díbeartha as do láthair.Conas a gheobhaidh mé radharc arísar do Theampall naofa?’

6. Bhí na huiscí do mo chiorclú,agus mé i mbaol mo mhúchta;bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobhagus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.

7. Síos liom go fréamhacha na sléibhte;bhí barraí fhearann an Bháisá ndaingniú orm feasta choíche.Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mégo beo beathach,a Thiarna, a Dhia liom!

8. Agus mé ag dul i laige le giorra anála,chuimhnigh mé ar an Tiarnaagus tháinig m'achainí chugatsa,chomh fada le do Theampall naofa:

9. Go n‑éirí lucht adhartha íol gan éifeachtas a mbaothdhílseacht dóibh.

10. I dtaca liomsa de, áfachofrálfaidh mé íobairt duitmar aon le caintic bhuíochais;agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé.Is don Tiarna is dleachtan fhuascailt a dhéanamh.”

11. Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim.