Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióna 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cantal Incháinte Ióna: Iltrócaire Dé

1. Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air.

2. Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.

3. Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

4. “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?” arsa an Tiarna leis.

5. D'imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d'fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair.

6. Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo.

7. Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé.

8. Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

9. Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” d'fhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.”

10. Dúirt an Tiarna: “Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d'fheoigh sé an oíche chéanna.

11. Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”