Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 4:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodónagus a dhúichí na bhFilistíneach?An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm?Má imríonn sibh díoltas ormcasfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.

5. Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óiragus a d'iompair isteach in bhur dteampall féinmo chuid earraí sárluachmhara!

6. Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!

7. Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin

8. Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.

9. Fógraígí é seo i measc na náisiún!Ullmhaígí don chogadh!Gríosaígí na laochra!Tagadh na saighdiúirí go léir i láthairagus gluaisidís leo!

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 4