Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 4:13-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Tá an fómhar aibícuirigí an corrán ag obair air mar sin.Tagaigí, satlaígítá an chantaoir lánagus na dabhcha ag cur thar maoil.Is mór í a mallaitheacht go deimhin.”

14. Tá na sluaite tiubha bailithe le chéilei nGleann an Bhreithiúnais.Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachti nGleann an Bhreithiúnais.

15. Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

16. Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíónagus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim.Tá an spéir agus an talamh ar crith.Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal,beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael.

17. “Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia,a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa.Beidh Iarúsailéim ina háit naofaagus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.”

18. An lá sinsilfidh na sléibhte fíon nua;beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoicagus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá.Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarnaagus uisceoidh sé Gleann Sitím.

19. Beidh an Éigipt ina díthreabhagus Eadóm ina fhásach lomde dheasca na hainíde a d'imir siad ar chlann Iúdánuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír.

20. Beidh daoine ina gcónaí in Iúdáagus in Iarúsailéim ó ghlúin go glúin go deo.

21. “Bainfidh mé éiric a gcuid fola amach agus ní ligfidh mé aon duine díobh slán.Is ar Shíón a bheidh a áitreabh ag an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 4