Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 4:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. “Corraíodh na náisiúin iad féinagus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfátmar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairtar náisiúin uile na comharsanachta.

13. Tá an fómhar aibícuirigí an corrán ag obair air mar sin.Tagaigí, satlaígítá an chantaoir lánagus na dabhcha ag cur thar maoil.Is mór í a mallaitheacht go deimhin.”

14. Tá na sluaite tiubha bailithe le chéilei nGleann an Bhreithiúnais.Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachti nGleann an Bhreithiúnais.

15. Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

16. Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíónagus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim.Tá an spéir agus an talamh ar crith.Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal,beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael.

17. “Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia,a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa.Beidh Iarúsailéim ina háit naofaagus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.”

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 4