Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 4:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Féach, sna laethanta sin agus ag an am sina rathóidh mé Iúdá agus Iarúsailéim arís

2. cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéileagus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfátchun breith a thabhairt orthu ansinmar gheall ar mo phobal agus m'oidhreacht Iosrael;mar scaip siad i measc na náisiún iadagus roinn siad mo thír eatarthu féin.

3. Chaith siad crainn ar mo phobalagus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapachagus dhíol siad cailín ar fhíon agus d'ól siad é.

4. Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodónagus a dhúichí na bhFilistíneach?An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm?Má imríonn sibh díoltas ormcasfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.

5. Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óiragus a d'iompair isteach in bhur dteampall féinmo chuid earraí sárluachmhara!

6. Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!

7. Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin

8. Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 4