Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 3:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire;Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas;Nár fheice sí fabhraí na maidine!

10. Uch nár dhún sé comhlaí na broinne ormAgus nár cheil an brón ar mo shúile.

11. Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn,Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?

12. Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom,Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?

13. Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas,Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,

14. Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne,A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe,

15. Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh,Agus a líonadh a dtithe le hairgead;

16. Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann],Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.

17. Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n‑urchóidAgus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas.

18. Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile,Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.

19. Is cuma uasal agus íseal ansiúd,Agus tá an daor saor óna mhaistir.

20. Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt?Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 3