Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 28:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,In áiteanna atá gan teannta don chois,Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.

5. An talamh as a dtagann an t‑arán,Déantar é a chreachadh laistíos le tine.

6. Is leaba saifírí a chlocha,Agus ór is luaithreach aige.

7. Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.

8. Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,Ná níor leag an leon a chosa air.

9. Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.

10. Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,Agus é ag faire amach do gach sort seoide.

11. Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha,Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.

12. Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáilAgus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?

13. Ní eol don duine an bealach chuici,Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.

14. Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”

15. Ní féidir í a cheannach ar ór,Ná díol aisti le meáchan airgid.

16. Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 28