Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 28:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

17. Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

18. Ní fiú cuireal ná criostal a lua -I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.

19. Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.

20. Ach inis dom, cad as don eagna?Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?

21. Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,Agus ceilte ar éanlaith an aeir.

22. Deir Abadón agus an Bás:“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”

23. Ag Dia amháin is fios a cosán,Agus dó is eol a háit lonnaithe.

24. Mar tá radharc aige go imill na cruinne,Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.

25. Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,

26. Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,Agus cosán le leanúint don toirneach,

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 28