Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 27:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:

2. Dar Dia beo a bhain díom mo cheart,Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,

3. Fad tá an dé ionam,Agus spiorad Dé i mo pholláirí,

4. Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brachNá ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!

5. Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart!Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m'ionracas.

6. Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.

7. Droch-chríoch ar m'eascara, dála an urchóidigh,Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.

8. Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,Agus ag ardú a anama chun Dé?

9. An n‑éistfidh Dia lena ghlaoNuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?

10. An é an tUilechumhachtach is gean leis?An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?

11. A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 27