Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 22:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta?Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?

4. An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ortAgus a théann sé chun breithiúnais leat?

5. Nach mór í d'urchóid,Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?

6. Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre,Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.

7. Níor thug tú deoch uisce don tuirseach,Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.

8. Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh,Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.

9. Lig tú na baintreacha uait folamhAgus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.

10. Uime sin tá gaistí i do thimpeallAgus uafás tobann do do sceimhliú.

11. Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú,Agus tá an díle do do bhá.

12. Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe[Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?

13. Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia?Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?

14. Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil,Agus siúlann sé ar stua na speire.

15. An gcloífidh tusa leis an seanchosán,A ghabh na hurchóidigh?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 22