Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 22:12-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe[Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?

13. Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia?Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?

14. Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil,Agus siúlann sé ar stua na speire.

15. An gcloífidh tusa leis an seanchosán,A ghabh na hurchóidigh?

16. Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth,Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.

17. Dúradar le Dia: “Imigh uainn!”Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”

18. Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí,Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”

19. Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu,Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:

20. “Scriosadh a [réim] go dearfa,Agus loscadh a gconách le tine!”

21. Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agatAgus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.

22. Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil,Agus taiscigh a theagasc i do chroí

23. Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos,Díbir an urchóid ó do bhoth,

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 22