Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 10:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is beag orm mo bheo.Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán,Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.

2. Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé!Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.

3. An gean leat bheith do mo chiapadh,Bheith ag maslú saothar do lámh,Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?

4. An bhfuil súile daonna i do cheann?An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine?

5. An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna?Agus do bhlianta mar bhlianta an duine?

6. A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca,Agus ar lorg mo choire,

7. Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach,Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.

8. Do lámha a chum agus a cheap mé,Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?

9. Cuimhnigh go ndearna tú mé den chréAgus an ndéanfaidh tú cré arís díom?

10. Nár dhoirt tú amach mé mar bhainneAgus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?

11. Chuir tú brat craicinn agus feola tharam,Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 10