Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 5:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Séidigí an stoc i nGibeá,an buabhall i Rámá!Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan.Músclaígí Biniáimin!

9. Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe.I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinnea bhfuilim cinnte dearfa di.

10. Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá;ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí.

11. Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart,óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.

12. Is angadh mise d'Eafráim,agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.

13. Nuair a bhraith Eafráim a tinneasagus Iúdá a chneá,d'imigh Eafráim chun na hAsaíreagus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí];ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheasná bhur gcneá a chneasú.

14. Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim,agus mar liopard do theaghlach Iúdá.Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé;ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.

15. Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin,nó go n‑admhóidh siad a gciontaagus go dtiocfaidh siad ar mo lorg.Nuair a bheidh siad i gcruachás,cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 5