Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 5:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tugaigí aird air seo, a shagarta!Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.Ach dol ba ea sibh i Miozpá,agus líon leata ar Thábór,

2. agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.

3. Is aithnid dom Eafráim,níl Iosrael folaithe uaim;ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,agus Iosrael truaillithe.

4. Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia,óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas,agus ní aithnid dóibh an Tiarna.

5. Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne;bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráimagus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.

6. Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna,ach ní bhfaighidh siad é;is amhlaidh atá sé imithe uathu.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 5