Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 14:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Scriosfar an tSamáir,mar bhí sí easumhal dá Dia.Bás le faobhar a imreofar orthu;déanfar smidiríní dá leanaí,agus réabfar a mná torracha.

2. Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia,óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.

3. Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh,agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis:Maith dúinn ár gcionta uile,le go bhfaighimid uait rud is fónta,i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.

4. Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír,ná ní rachaimid i muinín eachra;go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh;(óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).

5. Leigheasfaidh mé a mídhílseacht,tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar,mar ní díol feirge liom iad níos mó.

6. Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht.Bláthóidh sí ar nós na lile,agus cuirfidh sí uaithi a fréamhachamar a dhéanann an stóracs.

7. Caithreoidh a géagáin;áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraicsa dháilfear uirthi.

8. Lonnóidh siad faoi mo scáth arís;saothróidh siad arbhar,agus beidh fíniúna ag fás acu,a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.

9. Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta?Is mise a thugann éisteacht dó,agus a bheidh ag faire air.Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige;más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.

10. Tuigeadh an t‑eagnaí na briathra sin:bíodh grinneolas ag an saoi orthu.Óir is díreach iad bealaí an Tiarnaagus gluaiseann na fíréin dá réir,ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta.

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 14