Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 12:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl,agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht.(Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fósagus fanann sí dílis don Té is Naofa.)

2. Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe,agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir.Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois:déantar conradh leis an Asaír,agus beirtear cáin ola don Éigipt.

3. Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael.Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób,agus agróidh sé air a ainghníomhartha.

4. Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.

5. (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)Ghoil sé agus d'agair sé trócaire air.Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.

6. (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)

Léigh chaibidil críochnaithe Hóisé 12