Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Habacúc 2:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seasfaidh mé ar mo thúr faire;glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar,agus beidh mé ar m'fhaichill ansinféachaint céard a déarfaidh sé liom,nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.

2. Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:“Scríobh síos an fhís;déan í a ghreanadh ar leacaionas go mbeidh sé furasta í a léamh.

3. Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.

4. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

5. Go deimhin is go dearfais fealltach an ní é an [saibhreas].Duine uaibhreach corrthónach is ea an téa leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól,agus atá chomh doshásaithe leis an mBás,an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uileagus a thiomsaíonn na náisiúin go léirar mhaithe leis féin.

6. Nach ndéanfaidh na daoine seo go léiraoir mar gheall air?Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach:Is é a déarfaidh siad:“Is mairg don fhear a charnann nithenach leis féin iad - cá fhad eile? -agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

7. Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann?Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú?Ansin creachfaidh siad thú.

8. De bhrí gur chreach tú mórán ciníochacreachfaidh na náisiúin eile go léir thusamar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d'imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.

9. Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,chun a nead féin a shuíomh os ardagus chun lámh an oilc a sheachaint.

10. Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú;nuair a bhasc tú mórán náisiún,is é d'anam féin a chaill tú.

11. Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballaagus tugann na bíomaí freagra orthuón gcreatlach adhmaid.

12. Is mairg don fhear a thógann baile le fuilagus a bhunaíonn cathair le héigeart.

Léigh chaibidil críochnaithe Habacúc 2