Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Habacúc 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Dara Oracal

1. Seasfaidh mé ar mo thúr faire;glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar,agus beidh mé ar m'fhaichill ansinféachaint céard a déarfaidh sé liom,nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.

2. Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:“Scríobh síos an fhís;déan í a ghreanadh ar leacaionas go mbeidh sé furasta í a léamh.

3. Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.

4. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

Mallachtaí ar Lucht Ansmachta

Réamhrá

5. Go deimhin is go dearfais fealltach an ní é an [saibhreas].Duine uaibhreach corrthónach is ea an téa leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól,agus atá chomh doshásaithe leis an mBás,an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uileagus a thiomsaíonn na náisiúin go léirar mhaithe leis féin.

6. Nach ndéanfaidh na daoine seo go léiraoir mar gheall air?Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach:Is é a déarfaidh siad:“Is mairg don fhear a charnann nithenach leis féin iad - cá fhad eile? -agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

Mairg in Aghaidh na Sainte

7. Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann?Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú?Ansin creachfaidh siad thú.

8. De bhrí gur chreach tú mórán ciníochacreachfaidh na náisiúin eile go léir thusamar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d'imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.

In Aghaidh an Bhrabúis Éagóraigh

9. Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,chun a nead féin a shuíomh os ardagus chun lámh an oilc a sheachaint.

10. Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú;nuair a bhasc tú mórán náisiún,is é d'anam féin a chaill tú.

11. Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballaagus tugann na bíomaí freagra orthuón gcreatlach adhmaid.

In Aghaidh an Fhoréigin

12. Is mairg don fhear a thógann baile le fuilagus a bhunaíonn cathair le héigeart.

13. Nach é toil Dhia na Slua égur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil?agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.

14. Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarnamar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara.

In Aghaidh na Danarthachta

15. Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana,agus a dhoirteann amach a chuid nimhenó go mbíonn siad ar meisce aigele súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.

16. Tá tú líonta le náire in ionad na glóire.Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann.Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarnaagus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.

17. Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáinagus beidh díothú na n‑ainmhithe ina ábhar scéine duit,mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d'imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.

18. Cén tairbhe é íomhá ghreantale go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith?nó dealbh teilgthe, oracal bréagach,le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín intiagus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?

In Aghaidh an Íoladhartha

19. Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”;agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.”An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh?Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgeadach níl puth anála ann.

20. Ach tá an Tiarna ina theampall naofa;bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.