3. “Cen ghairm bheatha atá agaibh?” arsa Forann lena dheartháireacha. Agus dúradar le Forann: “Is aoirí do shearbhóntaí dála ár n‑aithreacha romhainn.”
4. Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: “Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.”
5. Ansin dúirt Forann le Iósaef: “Tá d'athair agus do dheartháireacha tagtha chugat.
6. Sin é talamh na hÉigipte romhat mar a shíneann; cuir d'athair agus do dheartháireacha chun cónaí sa chuid is fearr den talamh. Cuiridis fúthu i dtír Ghoisin, agus más eol duit aon chumasaigh orthu, cuir i bhfeighil mo stoic féin iad.”
7. Ansin thug Iósaef Iacób a athair leis agus chuir i láthair Fhorainn é, agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann.
8. Agus d'fhiafraigh Forann de Iacób: “An iomaí bliain a áiríonn tú de fhad saoil agat?”
9. Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
10. Agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann agus d'imigh amach ó láthair Fhorainn.
11. Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.
12. Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir.
13. Ní raibh aon bhia sa tír ar fad mar go raibh an gorta chomh dian sin go raibh tír na hÉigipte agus tír Chanán in anbhainne le hocras.
14. A raibh d'airgead le fáil i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán, chruinnigh Iósaef é mar mhalairt ar an arbhar a bhí á cheannach agus thug an t‑airgead go léir leis go pálás Fhorainn.
15. Agus nuair a bhí an t‑airgead go léir caite i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán tháinig na hÉigiptigh go léir go dtí Iósaef á rá: “Tabhair bia duinn! Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl? Óir tá ár gcuid airgid caite.”
16. D'fhreagair Iósaef: “Tugaigí libh bhur n‑eallach agus tabharfaidh mé bia daoibh mar mhalairt ar bhur n‑eallach má tá bhur gcuid airgid ídithe.”