Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 47:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. D'fhreagair Iósaef: “Tugaigí libh bhur n‑eallach agus tabharfaidh mé bia daoibh mar mhalairt ar bhur n‑eallach má tá bhur gcuid airgid ídithe.”

17. Thugadar a n‑eallach dá réir sin chun Iósaef agus thug Iósaef arán dóibh mar mhalairt ar chapaill, ar tháinte, ar thréada agus ar asail; chothaigh sé le bia iad an bhliain sin mar mhalairt ar a n‑airnéis go léir.

18. Nuair a bhí an bhliain sin thart, thángadar chuige arís an bhliain dar gcionn agus dúradar leis: “Ní cheilfimid ort é, a rí; tá ar gcuid airgid go léir caite; is lenár dtiarna an airnéis go léir; níl fagtha i láthair ár dtiarna ach ár gcorp agus ár dtailte.

19. Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl - sinne agus ár dtailte? Bímis féin agus ár dtailte agat dá bhrí sin mar cheannach ar bhia; beimidne lenár dtailte mar dhaoir ag Forann. Ach tabhair dúinn síol le cur chun nach bhfaighimis bás ach go mairfimis agus nach bhfágfaí an talamh ina fhásach.”

20. Cheannaigh Iósaef talamh uile na hÉigipte ar an tslí sin d'Fhorann; óir dhíol na hÉigiptigh go léir a dtailte mar gur luigh an gorta orthu. Fuair Forann an talamh go léir.

21. Maidir leis an bpobal, rinne sé daoir díobh ó cheann ceann na hÉigipte.

22. Talamh na sagart amháin a d'fhág sé gan ceannach, mar d'fhaigheadh na sagairt liúntas ar leith ó Fhorann agus mhaireadar ar an liúntas a thug Forann dóibh; níor dhíoladar a dtailte dá bhrí sin.

23. Ansin dúirt Iósaef leis an bpobal: “Tá sibh féin agus bhur dtailte, mar a fheiceann sibh, ceannaithe anois agam d'Fhorann. Seo daoibh síol dá bhrí sin le cur sa talamh.

24. Ach nuair a thiocfaidh an fómhar tabharfaidh sibh an cúigiú cuid d'Fhorann agus coimeádfaidh sibh na ceithre coda eile mar shíol do bhur n‑ithir, mar bhia daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh, agus mar chothú do bhur miondaoine.”

25. D'fhreagraíodar: “Shábháil tú ár n‑anam; beimid inár ndaoir ag Forann, le do thoil, a thiarna.”

26. Rinne Iósaef reacht faoi thalamh na hÉigipte agus tá sé i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann: an cúigiú a bheith ag Forann. Talamh na sagart amháin nár tháinig i seilbh Fhorainn.

27. D'fhan Iosrael i dtír na hÉigipte i ndúiche Ghoisin, agus fuaireadar seilbh air agus bhí an rath orthu agus chuadar i líonmhaire go mór.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 47