11. Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.
12. Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir.
13. Ní raibh aon bhia sa tír ar fad mar go raibh an gorta chomh dian sin go raibh tír na hÉigipte agus tír Chanán in anbhainne le hocras.
14. A raibh d'airgead le fáil i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán, chruinnigh Iósaef é mar mhalairt ar an arbhar a bhí á cheannach agus thug an t‑airgead go léir leis go pálás Fhorainn.
15. Agus nuair a bhí an t‑airgead go léir caite i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán tháinig na hÉigiptigh go léir go dtí Iósaef á rá: “Tabhair bia duinn! Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl? Óir tá ár gcuid airgid caite.”
16. D'fhreagair Iósaef: “Tugaigí libh bhur n‑eallach agus tabharfaidh mé bia daoibh mar mhalairt ar bhur n‑eallach má tá bhur gcuid airgid ídithe.”
17. Thugadar a n‑eallach dá réir sin chun Iósaef agus thug Iósaef arán dóibh mar mhalairt ar chapaill, ar tháinte, ar thréada agus ar asail; chothaigh sé le bia iad an bhliain sin mar mhalairt ar a n‑airnéis go léir.
18. Nuair a bhí an bhliain sin thart, thángadar chuige arís an bhliain dar gcionn agus dúradar leis: “Ní cheilfimid ort é, a rí; tá ar gcuid airgid go léir caite; is lenár dtiarna an airnéis go léir; níl fagtha i láthair ár dtiarna ach ár gcorp agus ár dtailte.