Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 41:47-57 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

47. I gcaitheamh na seacht mbliana flúirse, thug an talamh fómhar fial uaidh,

48. agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.

49. Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.

50. Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.

51. Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”

52. Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”

53. Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche,

54. agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir.

55. Nuair a luigh an gorta ar chríocha na Éigipte go léir, ghlaoigh na daoine ar Fhorann ag iarraidh aráin; agus dúirt Forann leis na hÉigiptigh go léir: “Téigí go Iósaef, agus déanaigí mar a déarfaidh sé libh.”

56. Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d'oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t‑arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.

57. Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 41