Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 41:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d'Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl.

2. Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.

3. Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.

4. D'ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin.

5. Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.

6. Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus

7. shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige.

8. Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.

9. Ansin labhair an príomhchornaire le Forann: “Ní foláir dom mo chionta a thabhairt chun cuimhne inniu.

10. Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda.

11. Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin.

12. Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D'insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d'inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.

13. Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.”

14. Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.

15. Dúirt Forann le Iósaef: “Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d'fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.”

16. D'fhreagair Iósaef Forann: “Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 41