Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 27:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ansin dúirt Íosác le Iacób: “Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.”

22. Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: “Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.”

23. Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air.

24. “An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”

25. “Más ea,” arsa Íosác, “tabhair chugam le hithe an tseilg a fuair mo mhac, go gcuirfidh mé mo bheannacht ort.” Thug sé chuige í agus d'ith sé; agus thug sé fíon chuige agus d'ól sé.

26. Ansin dúirt a athair Íosác leis: “Tar i leith chugam a mhic, agus tabhair dom póg.”

27. Tháinig sé i leith chuige agus thug póg dó. Fuair sé mos agus boladh a chuid éadaigh agus bheannaigh é agus dúirt:“An boladh atá ó mo mhac,is cosúil é leis an mboladh ó ghort torthúilar a bhfuil beannacht ón Tiarna.

28. Go dtuga Dia duit de dhrúcht neimhe,agus de mhéith na talún,flúirse arbhair agus fíona!

29. Go ndéana náisiúin seirbhís duitagus go sléachta ciníocha go talamh duit!Bí i gceannas ar do bhráithre;go sléachta mic do mháthar go talamh duit!Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort;go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”

30. Is ar éigean a bhí deireadh ag Íosác ag beannú Iacóib agus Iacób imithe amach óna athair Íosác nuair a tháinig Éasau a dheartháir isteach ón bhfiach.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 27