Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: “Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.”