Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 26:4-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.

5. Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.”

6. D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.

7. Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.

8. Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.

9. Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: “Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d'fhéad tú a rá: ‘Is í mo dheirfiúr í’?” “Mar go raibh eagla orm,” arsa Íosác leis, “go marófaí mé ar a son.”

10. “Céard é seo atá déanta agat linn?” arsa Aibímeilic. “B'fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.”

11. Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: “Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.”

12. Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

13. agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.

14. Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.

15. Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad.

16. Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”

17. D'fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 26