10. “Céard é seo atá déanta agat linn?” arsa Aibímeilic. “B'fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.”
11. Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: “Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.”
12. Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,
13. agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.
14. Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.
15. Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad.
16. Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”
17. D'fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann.
18. Agus thochail Íosác arís na toibreacha fíoruisce a rinne daoir a athar Abrahám, ach a dhún na Filistínigh tar éis bhás Abrahám, agus thug sé na hainmneacha céanna orthu agus a thug a athair.
19. Nuair a thochail daoir Íosác sa ghleann agus go bhfuaireadar tobar fíoruisce,
20. tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: “Linne an t‑uisce.” Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis.