Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 24:13-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.

14. An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”

15. Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.

16. Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos.

17. Rith an searbhónta ina treo ansin agus dúirt: “Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca le do thoil.”

18. “Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó.

19. Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: “Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n‑óla siad a sáith.”

20. Scaoil sí a raibh d'uisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir.

21. Bhí sé siúd gan focal as ag faire uirthi, féachaint an raibh bail ón Tiarna ar a aistear nó nach raibh.

22. Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.

23. “Cé hé do athair?” ar sé. “Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach d'athar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?”

24. D'fhreagair sí é: “Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,” ar sí,

25. agus lean sí uirthi: “Tá raidhse tuí agus foráiste againn agus áit lóistín.”

26. Shléacht an fear ansin agus d'adhair sé an Tiarna

27. á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”

28. Rith an ógbhean léi ansin agus d'inis gach ar tharla do theaghlach a máthar.

29. Bhí deartháir ag Ribeacá arbh ainm dó Lábán, agus bhrostaigh seisean amach chun an tobair mar a raibh an fear.

30. A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 24