1. Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir.
2. Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú
3. agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc
4. ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.”
5. D'fhreagair an searbhónta é: “B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?”
6. “Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!” arsa Abrahám.
7. “An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
8. Muran toil leis an mbean tú a leanúint, beidh tú saor ón mionn seo liomsa; ach ná beir mo mhac leat ar ais ansiúd.”
9. Chuir an searbhónta a lámh faoi cheathrú Abrahám, a thiarna, dá bhrí sin agus thug sé mionn dó go ndéanfadh sé an méid sin.
10. Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.
11. Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.
12. Agus dúirt sé: “A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám.
13. Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.
14. An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”
15. Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.
16. Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos.