Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 21:6-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”

7. Lean sí uirthi:“Cé déarfadh le hAbrahámgo dtabharfadh Sárá cíoch do chlann!Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.”

8. D'fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol.

9. Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d'Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác].

10. Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.”

11. Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic,

12. ach dúirt Dia leis: “Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d'ainm i do shíol.

13. Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.”

14. D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.

15. Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor.

16. Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.

17. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.

18. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.”

19. Ansin d'oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d'imigh agus líon an tseithe d'uisce agus thug deoch don leanbh.

20. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 21