Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 21:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.

17. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.

18. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.”

19. Ansin d'oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d'imigh agus líon an tseithe d'uisce agus thug deoch don leanbh.

20. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.

21. I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.

22. Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.

23. Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”

24. Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir.

25. “Ní eol dom,” arsa Aibímeilic, “cé rinne é seo.

26. Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 21